slide 2
Pádraig Schaler Reachtaire
An “head honcho” mar a déarfá! Thosaigh Pádraig amach i gColáiste na Tríonóide mar bhuachaill ard cúthaileach le suim aige sa Ghaeilge, anois tá sé sa bhliain deireanach dá chéim sa Nua-Ghaeilge agus é mar Reachtaire ar an gCumann Gaelach. Tá seisean i gceannas ar an gcoiste agus an Cumann go léir. Chun dul i dteagmháil leis, seol ríomhphoist chuige ag reachtaire_cumann.ie (agus bíodh fhios agat gurb AOIBHINN leis daoine a sheolann ríomhphoist óna gcuid fóin phóca) :)
slide 3 Róisín NicFheargusa
Leas-reachtaire
Fiú ag leath airde Pádraig Schaler tá an paisean céanna aici don teanga Gaelach agus don Chumann! I gcónaí ag cur a smaointe chun cinn sa Chumann agus ag cabhrú le Schaler! Ag baint céime amach sa Nua-Ghaeilge agus ag obair do chomhlacht busanna i mBaile Átha Cliath is ball úsáideach í don Chumann Gaelach! Téigh i dteagmháil léi má tá smaoineamh agat don Chumann ar a seoladh ríomhphoist.
slide 4 Lisa NicMhathúna
Rúnaí
Lena peann ina lámh aici agus spéaclaí ar a haghaidh, is rúnaí den scoth í Lisa Nic Mhathúna. Ag glacadh síos gach rud a deirtear ag na cruinnithe don choiste (uaireanta i ngan fhios dúinn) agus ag cur a tuairim fhéin os ár gcomhair. Is deacair an rud é le bheith i do rúnaí ar aon chumann ach déanann Lisa a dícheall agus í i gcónaí ag breathnú mar rúnaí ceart. Má tá ceist oifigiúil agat faoin gcumann, seol ríomhphoist chuici ar an seoladh thuas.
slide 5
Cillian Hanaphy
Cisteoir
Is deacair an rud é an súil a choinneáil ar an airgead go léir a thagann isteach i lámha an Chumainn agus níos deacra nuair a imíonn sé ach is é Cillian an fear don phost! Ag dul isteach sa tríú bhliain i gColáiste na Tríonóide ag déanamh staidéir ar an Nua-Ghaeilge. Má tá aon cheist agat faoi chursaí airgid an Chumainn nó faoi BMW nua Chillian seol ríomhphoist chuige ag an seoladh thuas nó cuir ceist air sa choláiste (eisean an duine sa chulaith Armani )
slide 6 Fiadh Ní Dhonnchadha
Oifigeach Teicneolaíochta
Hey! Is mise Fiadh agus is mise an duine a bheas ag seoladh na ríomhphoist ón gCumann don bhliain seo. Ba mhaith liom an t-am seo a ghlacadh chun mo leithscéal a gabháil faoin méid emoticons a bheidh á úsáid agam. Má tá aon cheist agaibh faoi Facebook, Twitter nó an suíomh greasáin seo, seol ríomhphoist chugam ar an seoladh thuas!
slide 7 Ellen (Ellie) Ní Chorragáin
Oifigeach Caidreamh Poiblí
Nuair nach bhfuil Ellen ag súgradh le tíogair óg i sléibhte an Téalainn nó ag tabhairt barróg do chóála san Astráil, tá sí sa bhaile i gColáiste na Tríonóide ag obair leis an gcoiste. Bíonn Ellen ag baint úsáid as a cuid scileanna ealaíne chun lógónna, postaeirí agus fógraíocht a dhéanamh faoi imeachtaí an Chumainn. Má tá sibh ag iarraidh aon eolas faoi laethanta saoire san Oirthear nó faoi a hobair leis an gcumann seol ríomhphoist chuici ag an seoladh thuas.
slide 8
Andrew King
Oifigeach Siamsaíochta
Is duine beomhar é Andrew agus cuireann sé an-chuid ama ag teacht suas le smaointe i gcomhair imeachtaí éagsúla don chumann. Tá Andrew ag déanamh staidéir ar an mBéarla ach ní hé sin le rá nach gcuireann sé béim mhór ar an teanga Gaelach. Tá sé i gcónaí sásta comhrá a bheith aige le éinne a bhfuil Gaeilge acu. Nuair nach bhfuil sé ag cur i leith gur práta cliste le rochtain idirlíne iad na daoine a bhfuil tá sé sásta scríobh ar ais chuig aon ríomhphoist a fhaigheann sé ag an seoladh thuas.
slide 9 Oisín Mistéil
Oifigeach Foilseacháin
Is é Oisín an duine atá i gceannas ar an iris lán-ghaelach 'Tuathal' a bhíonn ar fáil timpeall an champais i rith na bliana. Fiú nuair atá Oisín ar barr sléibhe i gCéinia tá sé fós ag caitheamh a laethanta ar fad ag smaoineamh faoin gCumann Gaelach i gColáiste na Tríonóide agus ag múineadh don treibh áitiúil nach ionchollú de Dhia atá ann. Má tá tusa ag iarraidh dul ar saoire chuig an Chéinia nó má tá tú ag iarraidh alt a scríobh do “Tuathal”, seol ríomhphoist chuige ag an seoladh thuas
slide 10 Mícheál MacFhlannchadha
Oifigeach Urraíochta
I gcónaí ullamh d’aon chruachás, is ball den scoth é Mícheál. Tá paisean ollmhór aige don Ghaeilge agus tá chónaí air sa Scéim Chónaithe i mbliana. Tá Mícheál i gceannas ar urraíocht a fháil don Chumann ach lena shúile amhail coileáin beag gleoite níl aon ionadh go bhfuil sé in ann croíthe na n-urraitheoirí a leá. Chun dul i dteagmháil leis an babe thuas seol ríomhphoist chuige ag an seoladh thuas.
Page 11 Méadhbh O'Connor
Oifigeach Drámaíochta
Is duine beomhar í Meadhbh Ó Connor agus ní haon ionadh gurb í atá i gceannas ar dhrámaíocht i mbliana. Lán d'fhuinneamh agus de chruthaitheacht, beidh Meadhbh lán ábalta chun an Chumann Gaelach a bhailiú le chéile chun drámaí iontacha a chur ar stáitse. Má tá aon smaointe agat i gcomhair Mheadhbh seol ríomhphoist chuici ag an seoladh thuas.
Page 12 Niamh Ní Chróinín
Oifigeach Díospóireachta
Is í Niamh an tOifigeach Díospóireachta i mbliana. Tá Niamh ina cainteoir agus ina ionadaí iontach don Gaeilge sa choláiste. Is aoibhinn léí an chultúr Gaelach agus tá sí bainteach leis an TradSoc comh maith. Mar a fheictear ina griangraif is aoibhinn le Niamh a bheith gléasta suas mar bhuachaill bó....ná chuir cheist uirthi faoi sin.... ach má tá aon suim agaibh bheith ar foireann díospóireachta an Chumainn seol ríomhphoist chuici ag an seoladh thuas. Yeeeeehawww!
Page 15
Eoin Kilbride
James Wilson
Siobhán Fay