FAOIN gCUMANN GAELACH
Is í príomh aidhm an Chumainn ná an Ghaeilge a chur chun cinn i gColáiste na Tríonóide. Eagraíonn an Cumann go leor imeachtaí i rith na bliana. Eagraítear Céilithe, Fáiltithe agus An Tórramh, chomh maith le Comórtais Díospóireachta, Léachtaí agus Scannáin Ghaeilge. Tá seachtain iomlán tiomnaithe don Ghaeilge ag tús Théarma na Féile Bríde gach bliain. Buailimid le chéile ag an gCiorcal Comhrá gach Máirt le deis a thabhairt do dhaoine aithne a chur ar a chéile agus Gaeilge a labhairt go rialta. Ar ndóigh téann muid ar aghaidh go Club Chonradh na Gaeilge ina dhiadh sin...
BALLRAÍOCHT
Is féidir ballraíocht a fháil ó bhaill an choiste ag seastán an Chumainn Ghaelaigh i gCearnóg na Parlaiminte i rith Seachtain na bhFreshers. Ina dhiaidh sin, ní mór ach "bí linn" a clicáil ar an suíomh seo nó téigh chuig imeacht éigin i rith na bliana. Fógraítear na himeachtaí ar phóstaeirí ar fud an choláiste agus anseo ar an suíomh idirlín.
AN CIORCAL COMHRÁ
Tá An Ciorcal Comhrá ar siúl i mbliana i Seomra an Chumainn (Seomra 8) thuas staighre ón Atrium beagnach gach Máirt óna 7 - 9in (Féach ar na r-phoist agus ar an suíomh seo chun fáil amach an bhfuil sé ar siúl an tseachtain seo). Tá treoracha go dtí an Seomra ar fáil thíos. Is deis mhaith é an Ciorcal Comhrá aithne a chur ar baill eile an Chumainn Ghaelaigh agus do chuid Gaeilge a úsáid nó a chleachtadh ag an am céanna! Bígí ann!!!
AN SCÉIM CHÓNAITHE
Tá dhá scéim chónaithe Gaeilge do mhic léinn i gColáiste na Tríonóide. Tá siad suite i gCearnóg na Parlaiminte agus i nDartraí i mBaile Átha Cliath 6 (do mhic léinn na chéad bhliana). Tugann na scéimeanna seo deis do mhic léinn a gcuid Ghaeilge a úsáid ar an gcampas mar a ngnáth-theanga laethúil.
Chun eolas a fháil mar gheall ar an scéim chónaithe, seol r-phost chuig gaeloifig@tcd.ie nó tabhair cuairt ar suíomh Oifig na Gaeilge.
BUNREACHT AN CHUMAINN GHAELAIGH
Obraíonn An Cumann Gaelach faoi réim Lár-Choiste na gCumann, Ollscoil Átha Cliath, agus de réir na rialacha atá leagtha amach i mBunreacht an Chumainn Ghaelaigh.
LEABHARLANN AN CHUMAINN
Tá Leabharlann an Chumainn Gaelaigh suite i Seomra an Chumainn (Seomra 8) thuas staighre ón Atrium. Tá léarscáil le feiceáil thuas, faoin eolas maidir leis an gCiorcal Comhrá. Osclófar an Leabharlann i mbliana gach Máirt óna 6.30i.n. (leathuair roimh an gCiorcal Cómhrá) go dtí a 9in. Beidh cead ag aon bhall den Chumann Gaelach leabhair a thógáil amach ar iasacht. Tá liosta de na leabhair ar fáil i Seomra a hOcht.






