6ú Aib '10 | Seachtain na Tríonóide
COISTE NUA 2010/2011
Bhí ár gCruinniú Ginearálta Bliantúil ar siúl an tseachtain seo caite. Ba mhaith linn comhghairdeas a dhéanamh leis an gCoiste Nua don bhliain seo chugainn:
Reachtaire: Jen Mahon (reachtaire@cumann.ie)
Leas-Reachtaire: Caoimhe Ní Mhuilleoir (leasreachtaire@cumann.ie)
Rúnaí: Cláir Nic Eoin (runai@cumann.ie)
Cisteoir: Cillian Hanaphy (cisteoir@cumann.ie)
Teicneolaíocht: Dairíne ní Bheinéid (teicneolaiocht@cumann.ie)
O.C.P.: Róisín Nic Fhearghusa (ocp@cumann.ie)
O.C.U.: Stiofán Ó Broin (ocu@cumann.ie)
Siamsaíocht: Peadar de Blúit (siamsaiocht@cumann.ie)
Foilsiúcháín: Pádraig Schaler (foilsiuchan@cumann.ie)
Drámaíocht: Andrea Ní Fheargail (dramaiocht@cumann.ie)
Díospóireacht: Eibhlín Walsh (diospoireacht@cumann.ie)
Maith sibh agus comhghairdeas arís. Ta a fhios againn go ndéanfaidh sibh jab iontach. Go n-éirí libh!
Curtha isteach ag Fiona Ní Mharráin (teicneolaiocht@cumann.ie)
30ú Már '10 | Seachtain na Tríonóide
SCÉIM CHÓNAITHE NA GAEILGE (CAMPAS) 2010-2011
Tá an scéim seo á riar ag Coiste na Gaeilge i gcomhar leis an Déan Sóisearach d’fhonn úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i saol an Choláiste trí iostas a chur ar fáil ar phraghas laghdaithe do roinnt mac léinn atá sásta glacadh le coinníollacha na Scéime.
Déanfar deontais (€1,000 an duine) a thairiscint do mhic léinn lánaimseartha, a bhfuil Gaeilge líofa acu agus atá sásta í a labhairt ina saol laethúil agus atá tar éis páirt a ghlacadh in imeachtaí Gaeilge nó i gcumainn Ghaeilge, le cuid de chíos iostais ar Champas an Choláiste a ghlanadh dóibh. Díolfar an chéad leath den deontas i ndiaidh na Nollag agus an leath eile ag deireadh na bliana acadúla.
Glacfar anois le hiarratais ar áiteanna ar scéim chónaithe 2010-2011.
Tá 16 áit á dtairiscint do 2010-2011. Tá an Fhoirm Iarratais ar fáil anseo. Cloígh amach an fhoirm, le do thoil.
Tá gach eolas ar shuíomh Oifig na Gaeilge ag http://www.tcd.ie/gaeloifig/sceim-chonaithe/sceim-ar-champas/
Ní mór na hiarratais a bheith faighte istigh in Oifig na Gaeilge ag 5.00pm ar an gCéadaoin 7 Aibreán 2010 ar a dhéanaí.
Ní ghlacfar le hiarratas ar bith ina dhiaidh sin.
Seol iarratas chuig:
Aonghus Dwane, Oifigeach Gaeilge, An Téatar Thiar (West Theatre), Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2.
Beidh Oifigeach na Gaeilge ar fáil in Oifig na Gaeilge idir 1.30in agus 5.00in ar an 7 Aibreán chun glacadh go pearsanta le hiarratais.
Roghnófar na mic léinn a dtabharfar deontais dóibh de dhroim agallaimh Dé Céadaoin 14 Aibreán 2009.
Déanfar na freagraí a thugtar ar an bhfoirm iarratais a úsáid chun gearrliosta a dhréachtadh de na daoine a gcuirfear agallamh orthu.
Ní mór do na mic léinn a dtugtar deontas dóibh an Ghaeilge a labhairt ina saol laethúil, ballraíocht a ghlacadh sa Chumann Gaelach agus páirt ghníomhach a ghlacadh in imeachtaí Gaeilge an Choláiste agus i saol an Choláiste i gcoitinne. Beidh orthu foirm a shíniú á dhearbhú go gcomhlíonfaidh siad coinníollacha na Scéime agus iarrfar orthu tuairiscí a thabhairt do Oifigeach na Gaeilge i dtús an dara théarma agus ag tús an tríú théarma ar na slite inar chomhlíon siad na coinníollacha sin le linn an téarma roimhe sin.
Sa chás nach mbeidh na coinníollacha á gcomhlíonadh ag mac léinn, beidh sé de cheart ag an gCoiste a b(h)allraíocht sa Scéim a scor.
Curtha isteach ag Fiona Ní Mharráin (teicneolaiocht@cumann.ie)
23ú Már '10 | Seachtain 23
CGU (AGM) AGUS DÍOSPÓIREACHT
Curtha isteach ag Fiona Ní Mharráin (teicneolaiocht@cumann.ie)
9ú Már '10 | ÉIGSE NA TRÍONÓIDE
ÉIGSE NA TRÍONÓIDE
Tá Seachtain na hÉigse sa mhullach orainn faoi dheireadh!! Seo an tseachtain is tábhachtaí don Ghaeilge i gColáiste na Tríonóíde, mar is féile í a bhaineann le gach aon duine sa Choláiste (ní amháin baill an Chumainn Ghaelaigh). Tugann Éigse seans dóibh uilig freastal ar imeachtaí éagsúla le linn a gcuid Gaeilge á úsáid. Cuirfear tús leis an tseachtain le Seoladh 'Tuathal' ag 1.00 san Atrium. Féach ar an amchlár thuas.
NB: Rud beag ach an-tábhachtach faoin Éigse..I rith na himeachtaí, an chraic , an Gig, an Ball 's a leithéid beidh rud iontach tábhachtach á dhéanamh ag an gCumann agus is é sin ná bailiúcháin airgid. I rith na seachtaine baileofar airgead ar son Shane's Homeless Fund agus An Ospís i Ráth Eanaigh,dhá chiste atá gar do go leor daoine ón gCumann agus ó Roinn na Gaeilge. Feicfidh sibh bucéid bhána ag an gcuid is mó de na himeachtaí i rith na hÉigse. Mar sin, le bhur dtoil, tabhair aon airgead is féidir agus bhéimís an-bhuíoch as! Má tá aon eolas breise uaibh labhair le héinne ón gcoiste. Rud beag eile: Má tá ticéid Bhus Áth Cliath le sóinseáil orthu agaibh, Cuir sna buicéid iad freisin le bhur dtoil, bhéimís an-bhuíoch astu siúd freisin!
Oícheanta is mó na hÉigse
Mar a fheiceann sibh, tá an oiread imeachtaí ar siúl i rith na seachtaine. An oíche is mó ná an Gig Mór le hAslan sa Village (The Hounds of Culann agus DJ i ndiadh chomh maith). Is féidir ticéad don Ghig seo a fháil Dé Luain ón seastán i bhFoirgneamh na nEalaíon. Beidh ticéid do Chóisir an Bhail Ghaelaigh ar fáil ann chomh maith.
Dúradh go mbeadh T-léinte Éigse don chéad 100 duine a cheannaigh ticéad uainn. Is féidir libh iad seo a fháil sa Chearnóg Tosaigh ag 3.00i.n. Dé Luain.
Agallaimh na bhFáínní
Daoine a bhí ag iarraidh agallamh a dhéanamh chun fáinne a fháil, nach raibh in ann teacht an lá cheana, tar chuig an Atrium ag 12.45i.n. Dé Luain, chun ceann a dhéanamh.
Croí na Teanga (=sibhse!)
Táimid chun grianghraf ollmhór a thógáil sa Chearnóg Thosaigh, agus muid eagraithe i gcruth croí, le t-léinte dearga orainn (Tugadh na T-léinte seo daoibh ag an am sin). Réalt mór Chumann Lúthchleas Gael, James "Cha" Fitzpatrick chun a bheith i láthair!
Lá na Gaeilge
Ar mhaith leat t-léine agus bricfeasta saor in aisce? Beidh Lá na Gaeilge ar siúl Dé Máirt 16 Márta. Cabhraigh leis an Scéim an Campas a athrú go Campas Gaelach ar feadh 24 uair!! Is feidir libh siniú suas don lá seo Dé Máirt seo chugainn, 9 Márta le h-urraíocht de €5 no níos mó. Cen fáth? Chun airgead a ardú don Student Assistance Fund! Ta an t-imeacht seo oscailte d'éinne a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge! Go focal yourself!!! Déan as Gaeilge é!
Tuilleadh Eolais faoin imeacht seo ar Facebook
Curtha isteach ag Fiona Ní Mharráin (teicneolaiocht@cumann.ie)
22ú Feabh '10 | Seachtain 18
SEACHTAIN 18
'Gig Mór' agus 'An Ball Gaelach' - Faigh do Thicéid go Sciobtha!
Mar is eol daoibh, beidh ASLAN agus The Hounds of Culann ag teacht dúinn don 'Gig Mór'! Beidh An Gig Mór ar siúl sa Village (Dé Céadaoin 10/3/10). Toisc go mbeidh AN-suim ann iad siúd a fheiceáil, mholfainn daoibh do thicéad a fháil chomh luath agus is féidir. €15 a bheas ar na ticéad don Ghig* agus beidh siad ar fáil ón seastán i bhFoirgneamh na nEalaíon Dé Luain agus Dé Céadaoin seo chugainn (22 & 24 Feabhra). Agus beidh seastán sa bhFoirgneamh Eolaíochta Dé Mairt (23 Feabhra).
Chomh maith leis seo, beidh an chéad 'Ball Gaelach' RIAMH ar siúl Déardaoin na seachtaine sin. Beidh sé ar siúl san Óstan 'Russel Court' . Ball le ceol, bia, damhsa 's gach rud agus níl ach €20 ar thicéad*! Is feidir ticéad don Bhall Gaelach a cheannach ag na hamanna thuasluaite.
NB *Is féidir leat ticéad don 'Gig Mór' AGUS ceann don 'Ball Gaelach' a fháil (le chéile) le haghaidh €30.*
Fáinní
Beidh agallaimh na bhfáinní (fáinne óir/fáinne airgid/cúpla focal) ar siúl Dé Máirt seo chugainn (23 Feabhra) i seomra h8, ó 1.00i.n-2.00i.n.. Má tá Gaeilge agat (fiú cúpla focal), ní ach comhrá beag neamhfhoirmiúil atá i gceist agus bronnfar Mairtín Tom Sheáinín (ón gclár 'Comhrá' ar TG4, George Clooney na nGael) na fáinní i rith seachtain na hÉigse.
Curtha isteach ag Fiona Ní Mharráin (teicneolaiocht@cumann.ie)
16ú Feabh '10 | Seachtain 17
SEACHTAIN 17
Tá áthas an domhain orainn cúpla rud a rá libh (faoi dheireadh!) faoin Éigse 2010. Ar dtús, An Gig Mór: Beidh ASLAN agus The Hounds of Cullan ag teacht!! Beidh An Gig Mór ar siúl sa Village (Dé Céadaoin 10/3/10). Toisc go mbeidh AN-suim ann iad siúd a fheiceáil, tá muid á ndíol go luath agus mholfainn daoibh do thicéad a fháil chomh luath agus is féidir. €15 a bheas ar na ticéad don ghig* agus beidh siad ar fáil ón seastán i bhFoirgneamh na nEalaíon Dé Luain agus Dé Céadaoin an tseachtain seo chugainn (22 & 24 Feabhra). Beidh seastán sa bhFoirgneamh Eolaíochta Dé Mairt (23 Feabhra). Beidh t-léinte don chéad 100 daoine tar éis ticéad a cheannach!
Chomh maith leis seo, beidh an chéad 'Ball Gaelach' RIAMH ar siúl Déardaoin na seachtaine sin. Beidh sé ar siúl san Óstán 'Russel Court' . Ball le ceol, bia, damhsa 's gach rud agus níl ach €20 ar thicéad*! Is féidir ticéad don Bhall Gaelach a cheannach ag na hamanna thuasluaite.
Is féidir leat ticéad don 'Gig Mór' AGUS ceann don 'Ball Gaelach' a fháil (le chéile) le haghaidh €30.
Tá Tuathal ag lorg alt don eagrán a bheidh ag teacht amach le linn Éigse na Tríonóide! Go dtí Dé Céadaoin, 17 Feabhra, beidh sí ag glacadh:
- Ailt maidir le cúrsaí reatha
- Léirmheasanna ar scannáin, leabhair, dlúthdhioscaí (ní chaithfidh na scannáin srl. a bheith as Gaeilge, ach ar ndóigh caithfidh na léirmheasanna)
- Ailt ghreannmhara
- Dánta
- Gearrscéalta (agus coimeád gearr iad!)
- Agallaimh (má tá aithne ag éinne ar dhuine cáiliúil ar bith??)
- agus aon rud ar chor ar bith ina bhfuil suim agat!
Ní chaithfear gramadach fhoirfe a bheith agat ach oiread, mar beidh Róisín A. ag féachaint tríothu, más gá. Seol isteach chuig foilseachan@cumann.ie iad, nó aon cheist atá agat!
Beidh ceardlanna rince ar an sean-nós le Sibéal Davitt (curadh céirde) ar siúl Dé Céadaoin i seomra 50 — díreach os comhair seomra 8 san Atrium, 5.00-5.30i.n. Beidh na ranganna ar siúl ar feadh míosa mar ullmhúcháin d'Éigse na Tríonóide. Mairfidh rang 30 nóiméid agus níl ach €2 air! Fáilte roimh chách!
Bailleofar airgead le haghaidh hoodies Dé Mairt (16 Feabhra) ag 8.00i.n i seomra a hocht.. Mura feidir leat teacht ag an am sin, beidh seans amháin eile ceann a ordú (agus íoc!) ma thagann tú chuig seomra a hocht Dé Céadaoin ag 12.50i.n.
Dé Céadaoin (16 Feabhra). Tionólfar na ceardlanna i seomra 4046 ag 7.00i.n. Sé aidhm na ceardlanna ná scileanna labhairt poiblí, agus díospóireacht a thabhairt do dhaoine. Socrófar díospóireacht le linn Éigse na Tríonóide, agus beidh seans acusan a bhí ag na ceardlanna páirt a ghlacadh i ndíospóireacht poiblí.
Beih agallaimh na bhfáinní éagsúla ar siúl Dé Máirt seo chugainn (23 Feabhra) i seomra h8, ó 1.00i.n-2.00i.n.. Má tá Gaeilge agat (fiú cúpla focal), ní ach comhrá beag neamhfhoirmiúil atá i gceist agus bronnfar Mairtín Tom Sheáinín (ón gclárama 'Comhrá' ar TG4, George Clooney Gaelach) na fáinní i rith seachtain na hÉigse.
Curtha isteach ag Fiona Ní Mharráin (teicneolaiocht@cumann.ie)
9ú Feabh '10 | Seachtain 16
SEACHTAIN 16
Beidh ceardlanna rince ar an sean-nós le Sibéal Davitt (curadh céirde) ag tosú Dé Céadaoin i seomra 50, 5.00i.n.-5.30i.n — díreach os comhair seomra 8 san Atrium. Beidh na ranganna ar siúl ar feadh míosa mar ullmhúcháin d'Éigse na Tríonóide. Mairfidh na ranganna 30 nóiméid le costas 2 euro gach seachtain. Fáilte roimh chách!
Beidh na hoodies nua ag teacht go luath. Má tá ceann uait, seol r-phost chuig Lisa (siamsaiocht@cumann.ie) le d'ainm, d'uimhir agus 'mór/meánach/beag'...ROIMH Dé hAoine seo chugainn!! (Mura bhfuil tú ar liosta Lisa, ní bhfaighidh tú ceann)
Beidh ciorcal comhrá ar siúl amárach (Dé Máirt) ag 20.00, i Seomra 8 san Atrium agus ar aghaidh chuig an gConradh ina dhiaidh sin. Muna d'fhreastal tú air, an téarma seo caite, bíodh a fhios agat go bhfuil fáilte roimh chách.
Ceardlann díospóireachta Dé Céadaoin. Tionólfar na ceardlanna i seomra 4046. Sé aidhm na ceardlanna ná scileanna labhairt poiblí, agus díospóireacht a thabhairt do dhaoine. Socrófar díospóireacht le linn Éigse na Tríonóide, agus beidh seans acusan bhí ag na ceardlanna páirt a ghlacadh i ndíospóireacht poiblí.
Tá Tuathal ag lorg alt don eagrán a bheidh ag teacht amach le linn Éigse na Tríonóide!
Go dtí Dé Céadaoin, 17 Feabhra, beidh mé ag glacadh le:
- Ailt maidir le cúrsaí reatha
- Léirmheasanna ar scannáin, leabhair, dlúthdhioscaí (ní chaithfidh na scannáin srl. a bheith as Gaeilge, ach ar ndóigh caithfidh na léirmheasanna)
- Ailt ghreannmhara
- Dánta
- Gearrscéalta (agus coimeád gearr iad!)
- Agallaimh (má tá aithne ag éinne ar dhuine cáiliúil ar bith??)
- agus aon rud ar chor ar bith ina bhfuil suim agat!
Seol isteach chuig foilseachan@cumann.ie iad, nó aon cheist atá agat!
Curtha isteach ag Fiona Ní Mharráin (teicneolaiocht@cumann.ie)
2ú Feabh '10 | Seachtain 15
SEACHTAIN 15
Beidh seoladh oifigiúil ár n-irisleabhair 'Tuathal' oíche amárach (Dé Máirt) ag an gCiorcal Cómhrá i seomra a hocht (thuas staightre san Atrium) ag 8i.n. Tá altanna agus neart íomhánna de na himeachtaí ó thús na bliana istigh san irisleabhar. Maith thú a Róísín, a chur le chéile é. Rinne sí an-jab agus breathnaíonn sé ar fheabhas!
Dé Céadaoin seo chugainn (3/2/10) beidh ceardlanna díospóireachta ag tosú, agus mairfidh siad ar feadh ceithre seachtaine. Tionólfar na ceardlanna i seomra 4046. Is é aidhm na ceardlanna ná scileanna labhairt poiblí, agus díospóireacht a thabhairt do dhaoine. Socrófar díospóireacht le linn Éigse na Tríonóide, agus beidh seans acusan a bhí ag na ceardlanna páirt a ghlacadh i ndíospóireacht poiblí.
Go raibh maith agaibh gach duine a tháinig chuig na trialacha don dráma 'Amaideach nó Cróga'. Beidh Kate i dteagmháil libh go luath!
Ag teacht go luath:
Hoodies nua an Chumainn Ghaelaigh. Níl praghas cruinn socraithe go fóil. Má tá sé ar intinn agat ceann a cheannach, seol rphost le d'ainm & d'uimhir fóin.
Eigse na Tríonóide- (8-12 Márta). Beidh an oiread imeachtaí ar siúl i rith na seachtaine sin — Ball Gaelach san áireamh!!
Curtha isteach ag Fiona Ní Mharráin (teicneolaiocht@cumann.ie)
20ú Ean '10 | Seachtain na nAthfhresher
CLUB SONAS SPEISIALTA
Beidh Club Sonas speisialta ar súil an Déardaoin seo ag 8.30 i gClub Chonradh na Gaeilge ar mhaithe le airgead a bhailliú do mhuintir Háítí.
Beidh scoth an cheoil traidisúnta le cloisteáil le seisiún le Grúpa tí Sonas agus cuirtear fáilte roimh gach aon cheoltóir páirt a ghlacadh ann. Beidh aoínna speisialta eile ann chomh maith.
Beidh cead isteach ar €5 agus rachaidh gach airgead a bhailítear ar an oíche go dtí an catharnacht GOAL. Osclófar na doirse ag 8.00 agus tosóidh an ceol beo go luath ina dhiaidh sin.
Tá Club Chonradh na Gaeilge suite thíos staighre ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Tar amach agus bíodh oíche maith agat chun cabhrú le Háítí!
Ba dheas thú a fheiceáil ann.
Curtha isteach ag Fiona Ní Mharráin (teicneolaiocht@cumann.ie)
18ú Ean '10 | Seachtain na nAthfhresher
SEACHTAIN NA nATHFHRESHER
Athbhliain faoi mhaise daoibh agus fáilte romhaibh ar ais! Tá súil againn gur bhain sibh taitneamh as laethanta saoire na Nollag. Bhí Seachtain na bhFresher chomh maith sin go bhfuilimid á dhéanamh arís! Seo iad na heachtraí iontacha atá socraithe againn don tseachtain seo:
Curtha isteach ag Fiona Ní Mharráin (teicneolaiocht@cumann.ie)
15ú Noll '09 | Seachtain a 12
SEACHTAIN 12: CÓISIR NA NOLLAG
Nollaig Shona Daoibh!!
Ba mhaith linn fáilte mhór a chur roimh ár nOifigeach Drámaíochta nua, Kate Ní Fhionagáin. Comhghairdeas, a Kate!
Beidh ár gCóisir na Nollag ar siúl Dé Ceadaoin (16 Nollaig) ag 9i.n. in 'Peadar Kearney' ar Shráid an Dáma. Beidh deochanna saora (tairiscintí srl), Céilí, Seisiúin Ceoil, Ceol Nollag agus DJ Gaelach (le 'gnáthcheol'!). Is féidir ticéid a cheannach ón seastán i bhFoirgneamh na nEalaíon Dé Máirt agus Dé Céadaoin. Níl ach €3 orthu. Mar is gnáth linne, oíche iontach a bheidh ann le ceol, craic agus spraoi na Nollag! :)
Tuilleadh Eolais/ RSVP: http://bit.ly/5GbIdb
Curtha isteach ag Fiona Ní Mharráin (teicneolaiocht@cumann.ie)
30ú Samh '09 | Seachtain a 10
SEACHTAIN A DEICH
Curtha isteach ag Fiona Ní Mharráin (teicneolaiocht@cumann.ie)
16ú Samh '09 | Seachtain a hOcht
SEACHTAIN A hOCHT
Curtha isteach ag Fiona Ní Mharráin (teicneolaiocht@cumann.ie)
3ú Samh '09 | Seachtain a Sé
SEACHTAIN A SÉ
Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom míle buíochas a ghabháil do na daoine a bhí linn ar an turas chuig an Oireachtas i Leitir Ceanainn. Bhí deireadh seachtaine iontach againn, sa 'bhibliothèque' agus sa 'discothèque'! Is dócha go bhfuil aithne níos fearr ar a chéile anois agus is maith an rud é sin (cúpla duine le haithne AN-mhaith anois!) Comhghairdeas le Gabriel agus Meadhbh atá geallta anois. Chomh maith leis sin, comhghairdeas le buaiteoir na hOíche Gléasta a bhí ag Conradh na Gaeilge
Curtha isteach ag Fiona Ní Mharráin (teicneolaiocht@cumann.ie)
19ú D.Fómh '09 | Seachtain a Ceathair
SEACHTAIN A CEATHAIR
Tá súil agam go bhfuil sibh uilig go maith. Ar dtús, ba mhaith linn buíochas a ghabháil daoibh as ucht na spéise ollmhór i dTuras an Oireachtais. Faraor, ní raibh spás ann do chuile dhuine a chur isteach air, ach tá liosta feithimh cruthaithe againn do na daoine nár éirigh leo agus beidh muid i dteagmháil libh má chealaíonn daoine. (Daoine a chuir isteach ar an turas: Mura bhfuair tú ríomh-phost faoin liosta feithimh sin, d'éirigh leat spás a fháil, tá tú ag teacht linn!)
NB: Beidh sonraí ag teacht go luath, faoin gclár ama, praghas srl agus beidh muid ag bailiú airgid Dé Máirt agus Dé Céadaoin.
Curtha isteach ag Fiona Ní Mharráin (teicneolaiocht@cumann.ie)
13ú D.Fómh '09 | Seachtain a Trí
CIORCAL COMHRÁ
Beidh Ciorcal Comhrá ar siúl i seomra h8 san Atrium (thuas staighre) ag 8.00i.n. Dé Máirt (13 Deireadh Fomhair). Bhí slua ollmhór againn coicís ó shin agus tá súil againn go mbeidh arís an tseachtain seo. Ina dhiaidh, rachaimid ar aghaidh chuig Conradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair le haghaidh dí no dhó! Agus gan dabht, beidh ceol beo ar siúl istigh ann!
Curtha isteach ag Fiona Ní Mharráin (teicneolaiocht@cumann.ie)
12ú D.Fómh '09 | Seachtain a Trí
BALLRAÍOCHT
Mura bhfuil sé déanta agaibh cheana féin, beidh seans eile, an tseachtain seo, clárú leis an gCumann Gaelach. Beidh seastán i bhFoirgneamh na n-Ealaíon Dé Máirt ó 10 a chlog ar maidin go 5i.n. Díreach chun chur i gcuimhne daoibh, caithfidh baill athchlárú chuile bhliain. Nó más rud e gur chláraigh tú ar an suíomh seo i mbliana, is féidir leat do chárta ballraíochta a bhailiú ón seastán.
Curtha isteach ag Fiona Ní Mharráin (teicneolaiocht@cumann.ie)
22ú M.Fómh '09 | Seachtain na bhFreshers
SEACHTAIN NA bhFRESHERS
Tá a lán rudaí eagraithe don seachtain seo agus ba cheart duit cuairt a thabhairt ar ár seastán ar an gcéad dul síos! Suite i gCéarnóg na Parlaiminte, ag an seastán is féidir leat do chárta ballríochta '09/'10, amchlár na seachtaine agus eolas faoin gCumann a fháil ónár gcoiste agus, dár ndóigh, bualadh le chéile le gaelgeoirí eile.
Curtha isteach ag Fiona Ní Mharráin (teicneolaiocht@cumann.ie)






