An Cumann Gaelach, TCD
		<language>ga</language>
COISTE NUA 2010/2011
				<description>Bhí ár gCruinniú Ginearálta Bliantúil ar siúl an tseachtain seo caite. Ba mhaith linn comhghairdeas a dhéanamh leis an gCoiste Nua don bhliain seo chugainn:Reachtaire: Jen Mahon (reachtaire@cumann.ie)Leas-Reachtaire: Caoimhe Ní Mhuilleoir (leasreachtaire@cumann.ie)Rúnaí: Cláir Nic Eoin (runai@cumann.ie)Cisteoir: Cillian Hanaphy (cisteoir@cumann.ie)Teicneolaíocht: Dairíne ní Bheinéid (teicneolaiocht@cumann.ie)O.C.P.: Róisín Nic Fhearghusa (ocp@cumann.ie)O.C.U.: Stiofán Ó Broin (ocu@cumann.ie)Siamsaíocht: Peadar de Blúit (siamsaiocht@cumann.ie)Foilsiúcháín: Pádraig Schaler (foilsiuchan@cumann.ie)Drámaíocht: Andrea Ní Fheargail (dramaiocht@cumann.ie)Díospóireacht: Eibhlín Walsh (diospoireacht@cumann.ie)Maith sibh agus comhghairdeas arís. Ta a fhios againn go ndéanfaidh sibh jab iontach. Go n-éirí libh!</description>
SCÉIM CHÓNAITHE NA GAEILGE (CAMPAS) 2010-2011
				<description>Tá an scéim seo á riar ag Coiste na Gaeilge i gcomhar leis an Déan Sóisearach d’fhonn úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i saol an Choláiste trí iostas a chur ar fáil ar phraghas laghdaithe do roinnt mac léinn atá sásta glacadh le coinníollacha na Scéime.Déanfar deontais (€1,000 an duine) a thairiscint do mhic léinn lánaimseartha, a bhfuil Gaeilge líofa acu agus atá sásta í a labhairt ina saol laethúil agus atá tar éis páirt a ghlacadh in imeachtaí Gaeilge nó i gcumainn Ghaeilge, le cuid de chíos iostais ar Champas an Choláiste a ghlanadh dóibh. Díolfar an chéad leath den deontas i ndiaidh na Nollag agus an leath eile ag deireadh na bliana acadúla.Glacfar anois le hiarratais ar áiteanna ar scéim chónaithe 2010-2011.Tá 16 áit á dtairiscint do 2010-2011. Tá an Fhoirm Iarratais ar fáil anseo. Cloígh amach an fhoirm, le do thoil.Tá gach eolas ar shuíomh Oifig na Gaeilge ag http://www.tcd.ie/gaeloifig/sceim-chonaithe/sceim-ar-champas/Ní mór na hiarratais a bheith faighte istigh in Oifig na Gaeilge ag 5.00pm ar an gCéadaoin  7 Aibreán 2010 ar a dhéanaí.Ní ghlacfar le hiarratas ar bith ina dhiaidh sin.Seol iarratas chuig:Aonghus Dwane, Oifigeach Gaeilge, An Téatar Thiar (West Theatre), Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2.Beidh Oifigeach na Gaeilge ar fáil in Oifig na Gaeilge idir 1.30in agus 5.00in ar an 7 Aibreán chun glacadh go pearsanta le hiarratais.Roghnófar na mic léinn a dtabharfar deontais dóibh de dhroim agallaimh Dé Céadaoin 14 Aibreán 2009.Déanfar na freagraí a thugtar ar an bhfoirm iarratais a úsáid chun gearrliosta a dhréachtadh de na daoine a gcuirfear agallamh orthu.Ní mór do na mic léinn a dtugtar deontas dóibh an Ghaeilge a labhairt ina saol laethúil, ballraíocht a ghlacadh sa Chumann Gaelach agus páirt ghníomhach a ghlacadh in imeachtaí Gaeilge an Choláiste agus i saol an Choláiste i gcoitinne.  Beidh orthu foirm a shíniú á dhearbhú go gcomhlíonfaidh siad coinníollacha na Scéime agus iarrfar orthu tuairiscí a thabhairt do Oifigeach na Gaeilge i dtús an dara théarma agus ag tús an tríú théarma ar na slite inar chomhlíon siad na coinníollacha sin le linn an téarma roimhe sin.Sa chás nach mbeidh na coinníollacha á gcomhlíonadh ag mac léinn, beidh sé de cheart ag an gCoiste a b(h)allraíocht sa Scéim a scor.</description>
CGU (AGM) AGUS DÍOSPÓIREACHT
				<description>Cruinniú Ginearálta Bliantúil (AGM)Beidh sé ar siúl Dé Máirt seo chugainn sa GMB, ag 7.30 san oíche. Má tá suim ag aon duine i bpost ar bith ar an gcoiste, ní mór daoibh r-phost a sheoladh ag rá: an post ba mhaith leat, agus ainm cuiditheora (ó bhall eile den Chumann) go runai@cumann.ie leis an gcoiste a chur ar an eolas.DíospóireachtDé Céadaoin seo chugainn, 24 Márta 2010, reachtálfar Díospóireacht Gael-Linn, comórtas díospóireachta Náisiúnta na gcoláistí na Gaeilge sa choláiste. Beimidne, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus Coláiste na Banríona Béal Feirste rannpháirteach ann.Rún an lae ná; "Ba cheart don Ghaeilge a bheith mar ábhar roghnach insan Árdteistiméireacht."Beidh duais agus trófaí ar an lá don bhuaiteoir, maoinithe ag Gael-Linn. Mar sin is fiú do gach aoinne teacht chuig Iarsmalann 4 dé Céadaoin seo chugainn agus tacaíocht a thaispeáint do fhoireann an Chumainn Gaelaigh - Pádraig Schaler agus Oisín Mistéil.Tuilleadh eolais: diospoireacht@cumann.ie nó ar Facebook an Chumainn</description>
ÉIGSE NA TRÍONÓIDE
				<description>Tá Seachtain na hÉigse sa mhullach orainn faoi dheireadh!! Seo an tseachtain is tábhachtaí don Ghaeilge i gColáiste na Tríonóíde, mar is féile í a bhaineann le gach aon duine sa Choláiste (ní amháin baill an Chumainn Ghaelaigh). Tugann Éigse seans dóibh uilig freastal ar imeachtaí éagsúla le linn a gcuid Gaeilge á úsáid. Cuirfear tús leis an tseachtain le Seoladh 'Tuathal' ag 1.00 san Atrium. Féach ar an amchlár thuas.NB: Rud beag ach an-tábhachtach faoin Éigse..I rith na himeachtaí, an chraic , an Gig, an Ball 's a leithéid beidh rud iontach tábhachtach á dhéanamh ag an gCumann agus is é sin ná bailiúcháin airgid. I rith na seachtaine baileofar airgead ar son Shane's Homeless Fund agus An Ospís i Ráth Eanaigh,dhá chiste atá  gar do go leor daoine ón gCumann agus ó Roinn na Gaeilge. Feicfidh sibh bucéid bhána ag an gcuid is mó de na himeachtaí i rith na hÉigse. Mar sin, le bhur dtoil, tabhair aon airgead is féidir agus bhéimís an-bhuíoch as! Má tá aon eolas breise uaibh labhair le héinne ón gcoiste. Rud beag eile: Má tá ticéid Bhus Áth Cliath le sóinseáil orthu agaibh, Cuir sna buicéid iad freisin le bhur dtoil, bhéimís an-bhuíoch astu siúd freisin!Oícheanta is mó na hÉigseMar a fheiceann sibh, tá an oiread imeachtaí ar siúl i rith na seachtaine. An oíche is mó ná an Gig Mór le hAslan sa Village (The Hounds of Culann agus DJ i ndiadh chomh maith). Is féidir ticéad don Ghig seo a fháil Dé Luain ón seastán i bhFoirgneamh na nEalaíon. Beidh ticéid do Chóisir an Bhail Ghaelaigh ar fáil ann chomh maith.Dúradh go mbeadh T-léinte Éigse don chéad 100 duine a cheannaigh ticéad uainn. Is féidir libh iad seo a fháil sa Chearnóg Tosaigh ag 3.00i.n. Dé Luain.Agallaimh na bhFáínníDaoine a bhí ag iarraidh agallamh a dhéanamh chun fáinne a fháil, nach raibh in ann teacht an lá cheana, tar chuig an Atrium ag 12.45i.n. Dé Luain, chun ceann a dhéanamh.Croí na Teanga (=sibhse!)Táimid chun grianghraf ollmhór a thógáil sa Chearnóg Thosaigh, agus muid eagraithe i gcruth croí, le t-léinte dearga orainn (Tugadh na T-léinte seo daoibh ag an am sin). Réalt mór Chumann Lúthchleas Gael, James "Cha" Fitzpatrick chun a bheith i láthair!Lá na GaeilgeAr mhaith leat t-léine agus bricfeasta saor in aisce? Beidh Lá na Gaeilge ar siúl Dé Máirt 16 Márta. Cabhraigh leis an Scéim an Campas a athrú go Campas Gaelach ar feadh 24 uair!!  Is feidir libh siniú suas don lá seo Dé Máirt seo chugainn, 9 Márta le h-urraíocht de €5 no níos mó. Cen fáth? Chun airgead a ardú don Student Assistance Fund! Ta an t-imeacht seo oscailte d'éinne a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge! Go focal yourself!!! Déan as Gaeilge é!Tuilleadh Eolais faoin imeacht seo ar Facebook</description>
SEACHTAIN 18
				<description>'Gig Mór' agus 'An Ball Gaelach' - Faigh do Thicéid go Sciobtha!Mar is eol daoibh, beidh ASLAN agus The Hounds of Culann ag teacht dúinn don 'Gig Mór'! Beidh An Gig Mór ar siúl sa Village (Dé Céadaoin 10/3/10). Toisc go mbeidh AN-suim ann iad siúd a fheiceáil,  mholfainn daoibh do thicéad a fháil chomh luath agus is féidir. €15 a bheas ar na ticéad don Ghig* agus beidh siad ar fáil ón seastán i bhFoirgneamh na nEalaíon Dé Luain agus Dé Céadaoin seo chugainn (22 & 24 Feabhra). Agus beidh seastán sa bhFoirgneamh Eolaíochta Dé Mairt (23 Feabhra).Chomh maith leis seo, beidh an chéad 'Ball Gaelach' RIAMH ar siúl Déardaoin na seachtaine sin. Beidh sé ar siúl san Óstan 'Russel Court' . Ball le ceol, bia, damhsa 's gach rud agus níl ach €20 ar thicéad*! Is feidir ticéad don Bhall Gaelach a cheannach ag na hamanna thuasluaite.NB *Is féidir leat ticéad don 'Gig Mór' AGUS ceann don 'Ball Gaelach' a fháil (le chéile) le haghaidh €30.*FáinníBeidh agallaimh na bhfáinní (fáinne óir/fáinne airgid/cúpla focal) ar siúl  Dé Máirt seo chugainn (23 Feabhra) i seomra h8, ó 1.00i.n-2.00i.n.. Má tá Gaeilge agat (fiú cúpla focal), ní ach comhrá beag neamhfhoirmiúil atá i gceist agus bronnfar Mairtín Tom Sheáinín (ón gclár 'Comhrá' ar TG4, George Clooney na nGael) na fáinní i rith seachtain na hÉigse.</description>